![]() |
| Íomhá ón suíomh Examiner.com |
Chuaigh muid chun na trá le mála lán bia agus dí. D'aimsigh muid áit beag idir na dumhaigh agus an gaineamh le suí síos agus sult a bhaint as an dea-aimsir, áilleacht an oileáin agus as a bheith le chéile. Táimse cuthaileach go leor ag taispeáint mo chuid mothúchán go poiblí, ach thug mé cúpla póigín dom 'chara.' (Níl muid le chéile fada go leor chun 'buachaill' a thabhairt air, ach tuigeann sibh a bhfuil i gceist agam!)
Bhí nóiméad amháin ann inniu, nuair a bhí a cheann leagtha ar mo ghualainn, agus muid beirt inár luí ar dhumhach beag. Ansin, shiúil beirt duine in aice linn, agus baineadh geit de shaghas éigin asainn. Bhí nóiméad de náire ann, nuair ba shoiléir go raibh muidne 'le chéile', .i. níos mó ná beirt chara ar an trá. D'éirigh mo chara ina shuí de náire, ach is maith an seans gur éirigh sé mar bhí a fhios aige nach bhfuilimse compórdach le PDA-anna, mar a dheirtear; public displays of affection.
Seo chúbh paradacs an fhir aeraigh in Éirinn, tá roinnt mhaith acu ag lorg comhionannais agus meas, ach insíodh dúinn thar na blianta go bhfuil an rud a bhíonn uainn 'mícheart'. Fágtar rian d'imní (nó ar a mheasa, d'éagla) orainn. Cé nár dúirt an bheirt eile faic, agus cé go bhfuil seans maith ann gurbh chuma leo fúinn, bhraitheas féin ar an nóiméad sin go raibh rud éigin mícheart déanta againn, nó gurbh chóir dúinn náire a bheith orainn. Níorbh chóir, mar ní raibh rud ar bith mícheart déanta againn ar chor ar bith. Ní raibh muid i lár paisin, ní raibh muid ag pógadh, fiú. Bhí muid beirt inár luí, ár n-aghaidheanna i dtreo na spéire, ach bhí a cheann ar mo ghualainn. Faic ina chúis náire.
Fós, tá cúis leis an smaoineamh go ndearnamar rud éigin mícheart. Má shiúlann lánúin aerach/leisbiach óg (nó d'aon saghas aoise!) síos an bhóthair, lámh in lámh, tá gach seans ann go screadfadh dream leaids rud éigin ó thaobh eile an bhóthair. Tá seans ann go dtugfadh bean meánaosta éigin 'look' nimhneach, ag taispeáint nach dtacaíonn sí leo. Sin uilig ráite, tá seans maith ann - go háirithe sna cathracha móra - gur cuma leis an bhfórmhór. Séard atá de dhíth, b'fhéidir, ná crógacht.
Bhuail rud éigin liom le déanaí; is cosúil go bhfuil roinnt lánúin leispiach óg sochair le bheith 'poiblí'. Tá cúpla lánúin ban óig feicthe agam i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste le déanaí agus iad lámh le lámh ag siúl. Is cosúil go bhfuil na mná i bhfad níos cróga ná na fir sa chás seo, ach b'fhéidir go bhfuil siad ag ullmhú na sochaí lena leithéid a fheiceáil, beagán ar bheagán. Fiú agus mé sa chathair, má fheicim lánúin fear le chéile, déanaim double-take mar níl sé chomh comónta sin lena fheiceáil.
Céard é do thuairimse féin?
Píosa sa bhreis: Agus mé ag lorg íomhá don iontráil seo, d'aimsigh mé alt ag Examiner.com faoin ábhar de PDA - seans go mbeadh sé spéisiúil duit i ndiaidh é seo a léamh.
.jpg)
1 comment:
Good question and observation.
I think that it seems to be the case that lesbian pairs are more ‘accepted’ than gay. As to why that is I have no idea, only speculations – a male dominated society is perhaps less threatened by that. But it should be clear that we are long past this ancient attitude.
Also, I think, it depends on your environment. Whether you are in a big city or just a town. At least that’s my observation in Germany.
Post a Comment